téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

An Coiste Téarmaíochta

Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach.

Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste Téarmaíochta, coiste deonach ar a bhfuil c.25 ball a cheaptar ar feadh tréimhse trí bliana. Socraíonn an Coiste Téarmaíochta prionsabail téarmaíochta, déanann siad an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú, ceapann siad téarmaí, déileálann siad le fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal agus le ceisteanna aistriúcháin ó oifigí Gaeilge an AE, agus bunaíonn siad fochoistí saineolaithe de réir mar is gá.

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig tearmai@forasnagaeilge.ie nó trí ghlaoch ar 01-6398418.

Baill reatha an Choiste Téarmaíochta

  • Fidelma Ní Ghallchobhair, Cathaoirleach
  • Donla uí Bhraonáin, Leaschathaoirleach
  • Andreas Vogel
  • Antain Mag Shamhráin
  • Colmcille Ó Monacháin/Donal Foley/Helen Hegarty (ex officio: An Coimisiún Eorpach)
  • Caitríona Ní Chathail
  • Cathal Mac Coille
  • Cathal Mac Gabhann/Éanna Ó Ceallaigh/Gráinne Aylward/Michael Greene/PJ Mac Gabhann (ex officio: Ardrúnaíocht Chomhairle na nAirí)
  • Ciarán Mac Raghnaill (ex officio: Rannóg an Aistriúcháin)
  • Darragh Murphy
  • Dr Dónal Ó Muirthuile
  • Dr Dónall Ó Baoill
  • Dr Éamonn Ó hÓgáin
  • Eibhlín Nic Gearailt (ex officio: CCEA)
  • Dr Fionnuala de Barra-Cusack (ex officio: Parlaimint na hEorpa)
  • Dr Gearóid Ó Cleircín (ex officio: Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU)
  • Máire Feiritéar
  • Matt Hussey
  • Micheál Ó Sé
  • Dr Niall Mac Uidhilin (ex officio: Acadamh na hOllscolaíochta, OÉG)
  • Nóilín Nic Bhloscaidh
  • Pádraig Ó Gaora
  • Dr Pádraig Ó Mianáin (ex officio: FNBG, Foras na Gaeilge)
  • Seosamh Ó Murchú (ex officio: An Gúm, Foras na Gaeilge)