téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Roghchlár Menu

Conas an Cuardach Casta a úsáid

Murab ionann agus an Cuardach Tapa, tugann an cuardach seo na téarmaí siúd a chomhlíonann na critéir a roghnaigh tú go díreach, agus ní thugann sé aon téarmaí eile. Mar shampla, má chuardaíonn tú an téacs smoked, gheobhaidh tú an téarma smoked, ach ní bhfaighidh tú aon nasc chuig an téarma smoke – cé gurb ann dó sa bhunachar. Chomh maith leis sin, ní dhéanann an cuardach seo neamhaird de chúrsaí poncaíochta. Mar sin, má chuardaíonn tú rain-forest (le fleiscín), ní bhfaighidh tú é mar níl sa bhunachar ach rain forest (gan fleiscín). Rud amháin atá i gcoiteann ag an dá chuardach, áfach, nach bhfuil ceann ar bith acu cásíogair – mar sin, is cuma cé acu téarmaTÉARMA (nó fiú TéArMa) a scríobhann tú, gheobhaidh tú na torthaí céanna.

Is féidir na critéir seo a leanas a úsáid chun torthaí do chuardaigh a theorannú:

Fad (aonfhoclach/ilfhoclach)

Is féidir do thorthaí cuardaigh a theorannú do théarmaí aonfhoclacha amháin nó do théarmaí ilfhoclacha amháin. Tugtar an dá chineál téarma faoin gcuardach réamhshocraithe.

Fairsinge

Is féidir do thorthaí cuardaigh a theorannú do théarmaí dar tús, dar críoch nó do théarmaí a chuimsíonn focal nó sraith carachtar áirithe.

Teanga

Is féidir do thorthaí cuardaigh a theorannú do theanga ar leith. Bíonn téarmaí ó gach teanga san áireamh faoin gcuardach réamhshocraithe.

Roinn chainte

Is féidir do thorthaí cuardaigh a theorannú do roinn chainte ar leith. Mar shampla is féidir liosta a iarraidh nach mbeidh air ach ainmfhocail, nó nach mbeidh air ach réimíreanna.

Réimse

Is féidir do thorthaí cuardaigh a theorannú do réimse ar leith. Mar shampla, d’fhéadfá an focal Béarla bat a chuardach agus na torthaí cuardaigh a theorannú don réimse ‘Spóirt’. Chuirfeadh sé sin liosta fada téarmaí as an áireamh a bhfuil mamach eitilte oíche luaite iontu.

Teaglamaí de chritéir

Is féidir teaglaim ar bith de chritéir a roghnú agus cuardach á dhéanamh agat. Liostaíonn an t-inneall cuardaigh téarmaí a chomhlíonann na critéir sin go léir.

Más rud é nach bhfaigheann tú aon torthaí ar do chuardach, seans go bhfuil critéir róchúnga roghnaithe agat. Sa chás sin, is fiú féachaint siar ar na critéir agus iad a leathnú amach ar bhealach éigin.

Saoróga sa Chuardach Casta

Bealach cliste chun solúbthacht a chur leis an gCuardach Casta is ea saoróga a úsáid sa bhosca 'Foclaíocht/Wording'. Is éard is saoróg ann siombail a sheasann do charachtar (nó sraith carachtar) neamhshonraithe eile. Seo iad na saoróga is féidir a úsáid:

An fhostríoc: _

Seasann sí seo do charachtar aonair ar bith. Mar shampla, má lorgaíonn tú l_w, gheobhaidh tú law agus low, chomh maith leis na giorrúcháin LBW agus LLW.

An céatadán: %

Seasann sé seo do líon ar bith (náid san áireamh) de charachtair ar bith. Mar shampla, má chuardaíonn tú met%rology, gheobhaidh tú metamorphic petrology agus meteorology, chomh maith le metrology féin. Nuair a usáidtear an tsaoróg seo léi féin sa 'Cuardach Casta', gintear liosta de gach iontráil a chomhlíonann na critéir chuardaigh.