Torthaí beachta
Exact matches
Torthaí gaolmhara
Related matches
#
Computers, Computer Science One of a pair of entity types. Entities participate in relationships, in which a single occurrence of one entity type (the master) is associated with several occurrences of another (the detail). A detail entity is denoted on the Logical Data Structure by a crows foot attaching it to the relationship line.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceann de phéire cineálacha aonáin. Bíonn aonáin páirteach i ngaoil, ina gcomhthiomsaítear tarlú singil de chineál aonáin amháin (an máistir) le roinnt tarluithe de cheann eile (na mionsonraí). Comharthaítear aonán mionsonraí ar Struchtúr Loighciúil na Sonraí le crúb á cheangal leis an líne ghaoil.
#
Computers, Computer Science A diagrammatic technique for showing the effect of events on an entity. The diagram portrays all the possible events that will affect any occurrence of the entity, from creation to deletion, with all the possible updates. The sequence in which these may happen models the business rules governing the entity. The notation is that of the structure diagram.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Teicníc chun an éifeacht a bhíonn ag teagmhais ar aonán a léiriú i léaráid. Taispeánann an léaráid na teagmhais go léir a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar aon tarlú den aonán, óna chruthú go dtína scrios, chomh maith leis na nuashonruithe féideartha go léir. Bíonn an seicheamh ina dtarlaíonn siad seo ina shamhail de na rialacha gnó a rialaíonn an t-aonán. Is ionann an nodaireacht agus nodaireacht na léaráide den struchtúr.
#
Computers, Computer Science One of the supporting documents for Logical Data Structures. Every entity in the system wil be separately described, with all of the attributes and keys listed, as well as its purpose and use in the system.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceann de na doiciméid tacaíochta do Struchtúir Loighciúla na Sonraí. Déanfar gach aonán sa chóras a thuairisciú go leithleach le hiomlán na dtréithe agus na n-eochrach atá liostaithe, chomh maith lena aidhm agus a úsáid sa chóras.
#
Computers, Computer Science Denotes the situation where an event may affect more than one occurrence of an entity, but in each case the effect is different. Where this happens, the entity is said to have different roles, each role governing one of the effects. The roles must be represented on the ELH, as different processing is required for each role, e.g., an event that can delete one person's record may be responsible for creating a fresh occurrence, simultaneously.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cuireann sé síos ar dháil ina bhféadfadh teagmhas dul i bhfeidhm ar níos mó ná tarlú amháin d'aonán, ach éifeacht dhifriúil a bheadh ann i ngach cás. Áit a dtarlaíonn sé seo, deirtear go bhfuil róil dhifriúla ag an aonán, gach ról ag rialú ceann de na héifeachtaí. Caithfear na róil a léiriú ar an ELH, de bhrí go bhfuil próiseáil dhifriúil ag teastáil do gach ról, e.g. d'fhéadfadh teagmhas a scriosfadh taifead duine amháin a bheith freagrach as tarlú úr a chruthú ag an am céanna.
#
Computers, Computer Science Two or more entity types that share significant characteristics, particularly key fields. An example might be Vehicles held by a company; the key field would be vehicle ID, but with different information required depending upon whether it was a Car or Truck. Common relationships, such as Service, would be made with the entity supertype (Vehicle); those with only the Truck would be connected with that subtype only.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Dhá chineál aonáin nó níos mó a bhfuil airíonna coiteanna tábhachtacha acu, go háirithe réimsí eochracha. D'fhéadfadh gur sampla é Feithiclí atá i seilbh cuideachta; an réimse eochrach a bheadh ann ná ID feithicle, ach faisnéis dhifriúil a bheadh ag teastáil más Gluaisteán nó más Truc atá ann. Chruthófaí gaoil choiteanna, Seirbhís, mar shampla, leis an bhforchineál aonáin (Feithicil); bheadh na cinn leis an Truc amháin ceangailte leis an bhfochineál sin amháin.
#
Computers, Computer Science See entity subtype. The entity type that embraces two or more subtypes. In the example above, Vehicle would be the supertype of Car and Truck.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Féach fochineál aonáin. An cineál aonáin a chuimsíonn dhá fhochineál nó níos mó. Sa sampla thuas, forchineál de Ghluaisteán agus Truc a bheadh i Feithicil.
#
Computers, Computer Science A technique to examine all the events that affect the data in the system, with reference to all the entities affected by each event. It provides cross-references between LDS and ELH by ensuring that all entities are created, modified, and deleted by identified events; conversely, it ensures that every identified event affects at least one entity.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Teicníc í seo chun scrúdú a dhéanamh ar na teagmhais go léir a fhearann ar shonraí sa chóras, ag tagairt do na haonáin go léir ar a bhfearann gach teagmhas. Soláthraíonn sé trastagairtí idir LDS agus ELH trí chinntiú go gcruthaítear, go mionathraítear agus go scriostar gach aonán de thoradh teagmhas aitheanta; go contrártha, cinntíonn sé go bhfearann gach teagmhas aitheanta ar aonán amháin, ar a laghad.
#
Computers, Computer Science A body outside the system (possibly a statutory organization such as the Inland Revenue, another system in the organization, an individual or a group of people). The external entity communicates with our system by means of data flows in or out of the system. The entity may be either source or recipient of the flows, or both. It is shown on the DFD as an oval with the name of the external entity inside and a unique identifier.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Comhlacht atá taobh amuigh den chóras (eagraíocht reachtúil, b'fhéidir, e.g. na Coimisinéirí Ioncaim, nó córas eile san eagraíocht, nó duine aonair nó grúpa daoine). Déanann an t-aonán seachtrach cumarsáid lenár gcóras trí shreafaí sonraí isteach sa chóras nó amach as. Is féidir gurb é an t-aonán foinse agus/nó faighteoir na sreafaí. Léirítear ar an DFD é mar ubhchruth le hainm an aonáin sheachtraigh istigh ann agus aitheantóir uathúil.
#
a set of content which is considered a single intellectual unit for the purposes of management and description
tacar inneachair a chaitear leis mar aonad intleachtúil amháin chun críocha bainistíochta agus tuairisce
#
GAcrostagairt bain3 idir stóras loighciúil sonraí agus aonáin▼
gu crostagartha idir stóras loighciúil sonraí agus aonáin
Computers, Computer Science A cross-validation between the Logical Data Model and the Logical Data- Flow Diagram. The cross-reference consists of two columns; Logical Data Stores are listed in one column, and against it in the other is drawn the entity or groups of entities that correspond to it, i.e., that have as attributes those data items held in the data store. All entities on the LDM correspond to one and only one Logical Data Store.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Crosbhailíochtú idir an tSamhail Loighciúil de Shonraí agus an Léaráid Loighciúil de Shreabhadh Sonraí. Tá dhá cholún i gceist leis an gcrostagairt: liostaítear Stórais Loighciúla de Shonraí i gcolún amháin, agus ina aghaidh sa cheann eile tarraingítear an t-aonán nó an grúpa aonán a fhreagraíonn dó, i.e., a bhfuil na míreanna sonraí sin a choimeádtar sa stóras sonraí mar thréithe acu. Comhfhreagraíonn na haonáin go léir ar an LDM do cheann, is gan ach do cheann amháin, de na Stórais Loighciúla de Shonraí.
#
Computers, Computer Science The entity at the one end of a relationship in an LDS. Of the two entities in a relationship, one is associated with one and only one occurrence of the other, while the other may be associated with more than one occurrence of the first. The entity that may occur many times is known as the detail entity and the one that occurs once only is the master entity.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht An t-aonán ag ceann an aoin de ghaol i LDS. Den dá aonán i ngaol, tá comhcheangal idir aonán amháin díobh agus tarlú, agus gan ach tarlú amháin, den aonán eile, fad is féidir go mbeadh comhcheangal idir an t-aonán eile agus níos mó ná tarlú amháin den chéad aonán. An t-aonán mionsonraí a thugtar ar an aonán a fhéadann tarlú níos nó ná uair amháin agus an máistiraonán a thugtar ar an aonán nach dtarlaíonn ach aon uair amháin.
#
GAtagairt bain3 d'aonán paraiméadair▼
gu tagartha d'aonán paraiméadair, ai tagairtí d'aonán paraiméadair
#
Computers, Computer Science A tool to help group bottom-level processes during logicalization. It is also used to perform a cross-validation between LDS and DFD, by ensuring that every entity is affected by at least one creation and one deletion event.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Uirlis é seo a chuidíonn chun próisis bhunleibhéil a ghrúpáil le linn loighcithe. Úsáidtear freisin é chun crosbhailíochtú a dhéanamh idir LDS agus DFD, trína chinntiú go dtéann teagmhas cruthaithe amháin agus teagmhas scriosta amháin ar a laghad i gcion ar gach aonán.