Torthaí beachta
Exact matches
#
Computers, Computer Science 1. A translator that can compile. 2. A program that translates a source program into an executable program (an object program). 3. A program that decodes instructions written as pseudocodes and produces a machine language program to be executed at a later time. 4. A program that translates instructions written in a high-level programming language. Synonymous with compiling program.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Aistritheoir atá in ann tiomsú. 2. Ríomhchlár a aistríonn ríomhchlár foinseach go ríomhchlár inrite (ríomhchlár aidhme). 3. Ríomhchlár a dhíchódaíonn treoracha atá scríofa mar shúdachóid agus a tháirgeann ríomhchlár meaisínteanga le rith níos déanaí. 4. Ríomhchlár a aistríonn treoracha atá scríofa i dteanga ardleibhéil ríomhchlárúcháin. Comhchiallach le ríomhchlár tiomsúcháin.
Torthaí gaolmhara
Related matches
#
Computers, Computer Science The C compiler contains a preprocessor capable of macro substitution, conditional compilation, and inclusion of named files. Lines beginning with the number or hash sign communicate with this reprocessor. These lines have syntax independent of the rest of the language; they may appear anywhere and have effect which lasts (independent of scope) until the end of the source program file.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Tá réamhphróiseálaí i dtiomsaitheoir C atá inniúil ar ionadú macraí, ar thiomsú coinníollach, agus ar áireamh comhad ainmnithe. Déanann línte a thosaíonn leis an gcomhartha uimhreach nó hais cumarsáid leis an réamhphróiseálaí seo. Tá comhréir neamhspleách ar an gcuid eile den teanga ag na línte seo; féadann siad bheith in aon áit agus bíonn siad i bhfeidhm (neamhspleách ar scóip) go dtí deireadh chomhad an ríomhcláir fhoinsigh.
#
Computers, Computer Science 1. A language construction for the purpose of controlling the compilation of a program. 2. A statement that controls what the compiler does rather than what the user program does.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Comhstruchtúr teanga le haghaidh tiomsú ríomhchláir a rialú. 2. Ráiteas a rialaíonn an méid a dhéanann an tiomsaitheoir seachas an ríomhchlár úsáideora
#
Computers, Computer Science Keywords that can be specified to control certain aspects of compilation. Compiler options can control the nature of the load module generated by the compiler, the types of printed output to be produced, the efficient use of the compiler, and the destination of error messages.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Eochairfhocail ar féidir iad a shonrú le gnéithe áirithe de thiomsú a rialú. Féadann roghanna tiomsaitheora nádúr an mhodúil lódála a ghineann an tiomsaitheoir a rialú, mar aon leis na cineálacha aschuir phriontáilte atá le soláthar, nó úsáid éifeachtach an tiomsaitheora, agus ceann scríbe teachtaireachtaí earráide.