Torthaí beachta
Exact matches
Torthaí gaolmhara
Related matches
#
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Teicníc é seo chun anailís a dhéanamh ar shonraí i ngrúpaí loighciúla. Déantar tacar sonraí amha, i. neamhstruchtúrtha, a laghdú, trína dtrasfhoirmiú (normalú) go grúpaí sonraí bunúsacha ina ngrúpáiltear gach mír lena lándeitéarmanant aonair féin. Mar thoradh ar RDA a dhéanamh, laghdaítear iomarcaíocht sonraí agus méadaítear ar sholúbthacht. Le linn an phróisis normalaithe, tá sé tábhachtach nach gcailltear faisnéis ar bith, i. go gcoinnítear na buncheangail go léir idir na míreanna sonraí. Séard atá san aschur as RDA ná tacar de ghaoil atá sa staid ar a dtugtar an tríú foirm normalach.
Computers, Computer Science A technique for analysing data to its logical groupings. A set of raw, i.e., unstructured, data is reduced through a set of transformations (normalization) to basic data groups in which each item is grouped with its sole and full determinant. The effect of performing RDA, as a step in data design, is to reduce data redundancy and gain flexibility. During the normalization process, it is important that information is never lost, i.e., that all the original connections between data items are maintained. The output from RDA is a set of relations that are in the state known as Third Normal Form.