Torthaí beachta
Exact matches
Torthaí gaolmhara
Related matches
#
'Más rud é, le linn aon tréimhse nach mbeidh Uachtarán na Cúirte Cuarda in ann gníomhú nó go mbeidh oifig Uachtarán na Cúirte Cuarda folamh, ansin, le linn na tréimhse sin, déanfaidh an breitheamh is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire de na breithiúna den Chúirt Chuarda a bheidh buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath na cumhachtaí, na húdaráis agus na feidhmeanna go léir a bheidh dílsithe dó de bhua a oifige a fheidhmiú nó a chomhlíonadh'. [Acht na gCúirteanna, 1981]
'If, during any period, the President of the Circuit Court is unable to act or the office of President of the Circuit Court is vacant, then, during that period, all powers, authorities and functions for the time being vested in him by virtue of his office shall be exercised or performed by the senior judge for the time being available of the judges of the Circuit Court permanently assigned to the Dublin Circuit'
#
(district court)
'Beidh an Chúirt Dúiche comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—… cibé líon de bhreithiúna eile (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Dúiche” (“Justice of the District Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas [Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961]
‘The District Court shall be constituted of the following judges— … such number of other judges (each of whom shall be styled "Breitheamh den Chúirt Dúiche ("Justice of the District Court")) as may from time to time he fixed by Act of the Oireachtas'
#
AR ORDÚ AN BHREITHIMH CÚIRTE CUARDA FOINSE: I.R. Uimh 510 de 2001
BY THE CIRCUIT COURT JUDGE
#
Iarrfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ... ar bhreitheamh den Ard-Chúirt na dualgais a shonraítear san alt seo a ghabháil de láimh (Acht Uimh. 19 de 2009)
the President of the High Court shall invite a judge of the High Court to undertake (while serving as such a judge) the duties specified in this section
#
An tsuim is iníoctha mar luach saothair le gach breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt agus den Chúirt Chuarda agus le gach breitheamh den Chúirt Dúiche. FOINSE: I.R. 1981
he sum payable by way of remuneration to each judge of the Supreme Court, the High Court and the Circuit Court and each justice of the District Court shall, with effect from the 1st day of June, 1981
#
GAbreitheamh fir1 is rapóirtéir▼
gu an bhreithimh is rapóirtéir, gu na breithiúna is rapóirtéirí, gi na mbreithiúna is rapóirtéirí
#
Is é an t-achomharcóir a ullmhóidh gach achomharc i bhfoirm cáis shonraithe, agus is é Breitheamh na trialach a shocróidh é tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe go léir sna himeachtaí agus beidh ann:— FOINSE: I.R. Uimh 510 de 2001
Every appeal by way of case stated shall be prepared by the appellant, settled by the trial Judge after consultation with all the parties to the proceedings and shall contain:
Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh cibé tráth a ordóidh an chúirt, le linn caingean clúmhillte a thriail nó, i gcás go mbeidh an chaingean á triail san Ard-Chúirt agus í ina suí le giúiré, cibé tráth a ordóidh breitheamh na trialach (Acht Uimh. 31 de 2009)
An application under this section may be made at such time during the trial of a defamation action as the court or, where the action is tried in the High Court sitting with a jury, the trial judge directs