Cuardaigh téarma Béarla nó Gaeilge
Search for a term in English or Irish
#
Fianaise bunaithe ar na fíricí agus ar cruthúnas leordhothanach í mura ndéantar frisnéis uirthi.
Evidence shown by the facts which acts as sufficient proof if it is not rebutted.
Faoi réir aon treoruithe nó rialuithe ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae, glacfar le haon leabhair ina mbeidh cuntais pháirtí tabhartha na gcuntas, nó aon chuid de na cuntais sin, coimeádta, mar fhianaise prima facie ar fhírinne na n-ábhar a bheidh sna leabhair sin. FOINSE: I.R. Uimh 510 de 2001
Subject to any directions or rulings of the Court or the County Registrar, any books in which the accounts, or any of them, of the accounting party have been kept shall be taken as prima facie evidence of the truth of the matters therein contained.
ciallaíonn "deimhnithe" deimhnithe ag an Aire nó ag oifigeach cuí-údaraithe den Roinn Poist agus Telegrafa, agus beidh aon deimhniú den sórt sin ina fhianaise prima facie ar an ábhar deimhnithe; FOINSE: I.R. 1980
"certified" means certified by the Minister or by a duly authorised officer of the Department of Posts and Telegraphs, and any such certificate shall be prima facie evidence of the matter certified;
73 .— (1) D’fhonn úsáid uisce nó scardadh dramhuisce arna cinneadh nó arna chinneadh ag méadar a thomhas, is fianaise prima facie é clárú an mhéadair sin ar an toirt a dhéantar a sholáthar nó a scardadh, de réir mar a bheidh. [Uimh. 30 de 2007]
73 .— (1) For the purpose of the measurement of water usage or waste water discharge determined by a meter, the register of that meter shall be prima facie evidence of the volume supplied or discharged, as the case may be.