téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
1498
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 3 4 5 6 7 8 · · · · 14 15
GAdifreáil bain3
gu difreála
Airgeadas 1. (Ginearálta) An próiseas trína bhforbraíonn fo-aonaid eagraíochta airíonna áirithe, mar fhreagairt ar riachtanais a leagann a bhfothimpeallachtaí orthu. Dá mhéid iad na difríochtaí idir airíonna na bhfo-aonad, is ea is mó an difreáil. 2. (Margaíocht) Modh margaíochta a úsáideann déantóir chun dlúthionannas a chruthú i margadh ar leith. Cuirfidh an déantóir saghsanna éagsúla den earra bunúsach céanna ar fáil, faoin ainm céanna, in earnáil áirithe earraí, agus sa tslí sin beidh an réimse iomlán earraí san earnáil sin á ndéanamh aige. 3. (Margaíocht) Branda a lonnú i slí a léireoidh nach ionann é agus brandaí atá i gcomórtas leis, chun íomhá shainiúil a chruthú.
Finance 1. (General) The process by which subunits in an organization develop particular attributes in response to the requirements imposed by their subenvironments. The greater the differences among the subunits attributes, the greater the differentiation. 2. (Marketing) A marketing method used by the manufacturer to create close identity in a particular market. The manufacturer will introduce different varieties of the same basic item under the same name into a particular item category and thereby cover the range of items in that category. 3. (Marketing) The positioning of a brand to differentiate it from its competition and thereby create a unique image.
GAeagar fir1
gu eagair, ai eagair, gi eagar
ENarray s
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Leagan amach de shonraí i dtoise amháin nó breis: liosta, tábla, nó leagan amach iltoiseach de mhíreanna. 2. I dteangacha ríomhchlárúcháin, comhiomlán de mhíreanna sonraí, le tréithe comhionanna, ar féidir tagairt a dhéanamh do gach aon cheann díobh le foscript.
Computers, Computer Science An arrangement of data in one or more dimensions: a list, a table, or a multidimensional arrangement of items. 2. In programming languages, an aggregate that consists of data objects, with identical attributes, each of which may be uniquely referenced by subscripting.
GAeaspónant fir1
gu easpónaint, ai easpónaint, gi easpónant
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Slí amháin chun an raon a scaradh ón mbeachtas is ea uimhreacha a shloinneadh de réir na gnáthnodaireachta eolaíochta n = f × 10^e áit arb é f an codán, nó an mhaintíse, agus ar slánuimhir dheimhneach nó dhiúltach é e, ar a dtugtar an t-easpónant. Tugtar an snámhphointe ar an leagan ríomhaireachta den nodaireacht seo.
Computers, Computer Science One way of separating the range from the precision is to express numbers in the familiar scientific notation n = f × 10^e where f is called the fraction, or mantissa, and e is a positive or negative integer called the exponent. The computer version of this notation is called floating point.
« » 1 2 3 4 5 6 7 8 · · · · 14 15