110
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
#
A tissue graft from a donor of the same species as the recipient but not genetically identical.
Nódú fíocháin ó dheontóir den speiceas céanna leis an bhfaighteoir, ach gan a bheith comhionann ó thaobh na ngéinte de
#
the formation of a stiff joint by consolidation of the articulating surfaces; the coalescence of two bones originally distinct
foirmiú ailt righin trí na dromhchlaí sionóibhiacha a thabhairt le chéile; comhtháthú dhá chnámh arbh éagsúil i dtosach iad
#
the ligament, located in the center of the knee, that controls rotation and forward movement of the tibia (shin bone)
an ballnasc, i gcroílár na glúine, a rialaíonn casadh agus tulghluaiseacht na tibia (cnámh na lorga)
#
The upper part of the shin bone, just below the knee. This part of the shin is often involved during knee replacement.
Cuid uachtarach chnámh na lorga, díreach thíos faoin nglúin. Is minic a bhíonn an chuid seo den lorga i gceist i gcás athchur glúine.
#
abnormal forward tilting of a bodily organ, esp the uterus
claonadh chun tosaigh orgáin, go háirithe an bhroinn
#
Preventing or relieving inflammation
A dhéanann athlasadh a chosc nó a mhaolú
#
Surgical puncture of a joint especially for aspiration of fluid from the joint
Polladh máinliachta ailt, go háirithe i gcás asú sreabháin ón alt
#
The surgical immobilization of a joint so that the bones grow solidly together
Díluailiú máinliachta ailt, sa chaoi is go bhfásann na cnámha go daingean lena chéile
#
An x-ray to view bone structures following an injection of a contrast fluid into a joint area
X-ghathú ar mhaithe le struchtúr cnámh a fheiceáil, i ndiaidh leacht codarsnachta a instealladh i réigiún an ailt
#
Persistent contracture or rigidity of one or more joints; spec. (more fully arthrogryposis multiplex congenita) any of a group of syndromes characterized by congenital contractures of a number of joints, esp. of the hands and feet, and associated with various abnormalities of muscle, nerve, or connective tissue
Crapadh nó righneas leanúnach ailt nó alt; go sonrach ceann de ghrúpa siondróm a bhfuil crapadh ó bhroinn alt éagsúil ina chomhartha sóirt acu, go háirithe i gcás na lámh agus na gcos, agus baint acu chomh maith le mínormáltachtaí éagsúla fíocháin mhatánaigh, néaróige nó tacaíochta
#
A thin, fiberoptic scope introduced into a joint for diagnostic and treatment procedures inside the joint; can be used for diagnosis or repair
Scóp snáthoptaice a chuirtear isteach in alt le haghaidh gnáthamh diagnóiseach agus cóireála laistigh den alt; is féidir é a úsáid le haghaidh diagnóise nó deisithe
#
A graft of skin or other tissue taken from the patient's own body
Nódú cnis nó fíocháin eile bainte de cholainn an othair féin
#
A disease caused by the temporary or permanent loss of blood supply to bones
Galar ar chailleadh sealadach nó buan soláthair fola do na cnámha is cúis leis
#
The absorption of bone tissue and the simultaneous depositing of new bone; a bone’s continuous self-renewal, self-healing and self-realignment, partially through reorientation of the growth plate.
Ionsú fíocháin cnáimhe agus fósú cnáimhe nua ag an am céanna; féin-athnuachan, féinchneasú agus féin-athailíniú leanúnach cnáimhe, i bpáirt trí ath-threoshuíomh an phláta fáis.
#
To insert a cannula into (a body cavity, organ, vessel, etc.).
Cannúl a chur isteach (i gcuas coirp, orgán, féith srl.)
#
Repair of a tear or a surgical incision in any capsule; specifically, suture of a joint capsule in such a way to prevent recurring dislocation of the articulation.
Stróic nó gearradh máinliachta in aon chapsúl a dheisiú; go háirithe capsúl ailt a uamadh sa chaoi is nach dtarlóidh asaltú arís agus arís eile
#
the incision of a capsule, spec. that of the lens of the eye in an operation for cataract.
gearradh capsúil, go háirithe i lionsa na súile i máinliacht chatarachta
#
movement of a limb or extremity so that the distal end describes a circle while the proximal end remains fixed
gluaiseacht géige nó baill fhorimeallaigh sa chaoi is ndéanann an ceann aimhneasach ciorcal a tharraingt a fhad is a fhanann an ceann neasach daingean
#
a deformity of the hand marked by deviation or deflection of the fingers
míchuma láimhe lena bhaineann diall nó sraonadh méar
#
A spasm or series of spasms of alternate muscular contraction and relaxation
Freanga nó sraith freangaí de chrapadh agus ligean matán
#
The drawing together of the separated tissue in a wound or fracture.
Tarraingt le chéile fíocháin scartha i gcneá nó scoilteadh.
#
Fracture involving the condyle of the distal humerus or femur
Scoilteadh i gcondalóid an húiméiris aimhneasaigh nó an fhéimir
#
Bony crepitus, the crackling sound produced by the rubbing together of fragments of fractured bone; joint crepitus, the grating sensation caused by the rubbing together of the dry synovial surfaces of joints
Is ionann cnagadh cnáimhe agus torann cnagarnach de thoradh cuimilt píosaí scoilte cnáimhe in aghaidh chéile. Agus is ionann cnagadh ailt agus braistint díoscáin de thoradh cuimilt dromchlaí tirime sionóibhiacha alt in aghaidh a chéile
#
Separation of bones without fracture, slight dislocation; also, separation of the fractured ends of a bone.
Scaradh cnámh gan scoilteadh, mion-asaltú; chomh maith leis sin, scaradh dhá cheann scoilte cnáimhe
#
Surgical removal of the whole or a part of an intervertebral disc
Baint mháinliachta diosca idirveirteabraigh nó cuid den diosca
#
premature union of the epiphysis with the diaphysis, resulting in cessation of growth
táthú roimh am an eipifisis leis an diaifiseas, agus cosc curtha ar an bhfás mar thoradh
#
abnormal separation of an epiphysis from the bone shaft
scaradh neamhghnách eipifisis ón bhfearsaid cnáimhe
#
Fracture near, but outside of the joint capsule
Scoilteadh gar do ach taobh amuigh de chapsúl an ailt
#
a growth of bone along one or both bones that form the hip joint
fás cnáimhe feadh ceann amháin de chnámha alt an chromáin nó feadh an dá cheann
#
A surgical procedure that involves replacing half of the hip joint
Gnáthamh máinliachta ina ndéantar leath d'alt an chromáin a athchur
#
a congenital defect of the spine in which one side of a vertebra fails to develop completely
éalang ó bhroinn den dromlach ina dteipeann ar thaobh amháin de veirteabra forbairt i gceart
#
the condition of exhibiting excessive muscular tone or tension
riocht ina léirítear teannas iomarcach sna matáin
#
A graft taken from an identical twin of the recipient or from an animal of the same inbred strain
Nódú bainte de leathchúpla comhionann an fhaighteora nó d'ainmhí den tréithchineál ionphóraithe céanna
#
The surgical filling of an injured or collapsed vertebra
Líonadh máinliachta veirteabra atá gortaithe nó sleabhctha
#
Humpback; abnormal curvature and dorsal prominence of the vertebral column
Cruit; cuaire mhínormálta an cholúin veirteabraigh agus an droim ag gobadh amach
#
Abnormal enlargement of one or more fingers or toes
Méadú mínormálta ceann amháin nó níos mó de na méara nó ladhracha
#
Union of the fragments of a fractured bone in faulty position
Táthú píosaí de chnámh scoilte i suíomh lochtach
#
surgical excision of a meniscus of the knee or temporomandibular joint
eisceadh máinliachta mheinisceas na glúine nó an ailt uisinne is mandabail
#
The narrow portion of a long bone between the epiphysis and the diaphysis
An chuid chúng de chnámh fhada idir an eipifiseas agus an diaifiseas
#
An X-ray of the spinal cord, after injection with a radio-opaque medium
X-ghathú ar chorda an dromlaigh, tar éis meán radaitheimhneach a instealladh ann
#
A test to evaluate the function, especially the ability of electrical conduction, of the motor and sensory nerves
Tástáil ar fheidhmiú, agus go háirithe ar sheoladh leictreach, na néaróg luaileach agus céadfach
#
a benign tumor that contains both bone and cartilage
siad neamhurchóideach a bhfuil idir chnámh agus loingeán ann
#
intentional fracturing of a bone, esp. to correct a deformity
cnámh a scoilteadh d'aon turas, go háirithe ar mhaithe le míchuma a cheartú
#
(Neacróis cnáimhe)
#
increased bone density resulting from prenatal fetal bone that has not converted to cancellous bone
dlús méadaithe na gcnámh mar thoradh ar chnámh fhéatach réamhbhreithe nár iompaigh ina cnámh líontánach
#
a knife, used for cutting bone, in which both sides of the cutting edge are bevelled
scian, a úsáidtear le cnámh a ghearradh, a bhfuil dhá thaobh a faobhair beibhealta
#
the mechanical forces of a disease that adversely change the body's structure and function
forsaí meicniúla galair a mbíonn tionchar diúltach acu ar struchtúr agus ar fheidhmiú an choirp
#
a type of surgery in which the bones surrounding the acetabulum are cut and repositioned in order to better align the femoral head within the acetabulum
cineál obráide ina ndéantar na cnámha thart timpeall ar an aicéatablam a ghearradh, ar mhaithe le feabhas a chur ar ailíniú cheann an fhéimir laistigh den aicéatablam
#
The sheath surrounding a bundle of nerve fibers in a peripheral nerve
An truaill thart timpeall ar bheart néarshnáithíní i néaróg imeallach
#
The human foot, or the corresponding terminal segment of the hindlimb of a vertebrate animal.
Cos an duine, nó an chuid deiridh chomhfhreagrach de ghéag dheiridh ainmhí veirteabraigh
#
A break that occurs at, into or across a growth plate
Briseadh ag, i nó thar phláta fáis
#
A type of osteoarthritis caused by an old injury to a joint
Cineál oisté-airtrítis ar sheanghortú ailt is cúis leis
#
A false joint, esp. one formed when the two parts of a fractured bone fail to unite
Alt bréagach, go háirithe ceann a dhéantar nuair a theipeann ar tháthú dhá chuid de chnámh scoilte
#
an inflammation of the bursa located where the shoulder blade and rib cage slide across each other
athlasadh an tsaicín, áit a sleamhnaíonn an slinneán agus creat na n-easnacha thar a chéile
#
a piece of dead bone that has become separated from the sound bone during the process of necrosis
píosa de chnámh mharbh a scaradh ón gcnámh fholláin le linn neacróise
#
An inflammation of the sesamoid bones in the front part of the foot
Athlasadh na gcnámh seasamain i gcuid tosaigh na coise
#
Any force that causes slippage between a pair of contiguous articulated parts in a direction that parallels the plane in which they contact.
Fórsa atá ina chúis le sciorradh idir péire de phíosaí alta comhtheagmhálacha i dtreo atá comhthreomhar leis an bplána ina ndéanann siad teamháil.
#
A form of bandage, the arrangement of which is suggestive of an ear of wheat or barley.
Cineál bindealáin, a shocraítear i gcruth déise
#
the union of bones by means of fibrous or elastic cartilage
táthú na gcnámh trí mheán loingeán snáithíneach nó leaisteach
#
the condition in which two or more toes are more or less completely grown together or adherent
riocht ina bhfuil dhá ladhar nó níos mó tar éis fás nó greamú lena chéile
#
Union of two or more separate bones to form a single bone
Táthú dhá chnámh nó níos mó le cnámh aonair a dhéanamh
#
the compression, or squeezing, of the posterior tibial nerve along the inside of the ankle
comhbhrú nó fáscadh na néaróige tibiaiche cúil feadh an taoibh istigh den rúitín