téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
5156
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 · · · · 48 49 50 51 52
GAbanna fir4 státchiste
ai bannaí státchiste
Finance debt obligations of the federal government that make semi-annual coupon payments and are sold at or near par value in denominations of $1000 or more; the federal government issues fixed income securities over a broad range of the maturity spectrum
Airgeadas oibleagáid fiachais an rialtais fheidearálaigh (SAM) a dhéanann íocaíochtaí cúpóin go leathbhliantúil agus a dhíoltar ar pharluach, nó gar dó, in ainmníochtaí $1000 nó níos airde; eisíonn an rialtas feidearálach urrúis ioncaim sheasta i réimse leathan aibíochta
4.5% Treasury Bond 2020 launched 20 January 2004
Banna Státchiste 4.5% 2020 a seoladh ar an 20ú mí Eanáir 2004
3.25% Treasury Bond 2009 launched 20 February 2003
Banna Státchiste 3.25% 2009 a seoladh ar an 20ú mí Feabhra 2003
GAarbatráiste fir4 triantánach
gu arbatráiste thriantánaigh
Finance Action to capitalize on a discrepancy where the quoted cross exchange rate is not equal to the rate that should exist at equilibrium.
Airgeadas Gníomhaíocht chun buntáiste a ghnóthú de bharr na difríochta i gcás nach ionann an trasráta malairte luaite agus an ráta ba chóir a bheith ann le cothromaíocht.
GAadmháil bain3 iontaoibhe
gu admhála iontaoibhe
Finance Device by which the borrower holds the inventory in trust for the lender.
Airgeadas Gléas trína gcoimeádann an t-iasachtaí an fardal ar iontaobhas don iasachtóir.
ENtrustee s
pl trustees
GAiontaobhaí fir4
gu iontaobhaí, iol iontaobhaithe
Finance A person who holds a legal title to property but who is not its beneficial owner.
Airgeadas Duine a bhfuil teideal dlíthiúil maoine i seilbh aige ach nach é a húinéir tairbhiúil é.
(insurance)
GAbratpholasaí fir4
gu bratpholasaí, iol bratpholasaithe
Finance Policy issued to a bank or trading company to insure exports of an exporter and handle all reporting requirements.
Airgeadas Polasaí a eisítear do bhanc nó do chomhlacht trádála chun easpórtálacha easpórtálaí a árachú agus chun riachtanais tuarascála a láimhseáil.
Finance Hypothesis that the forward rate is an unbiased predictor of the future spot rate.
Airgeadas An hipitéis gur réamhaithriseoir neamhchlaonta é an réamhráta ar an spotráta mar a bheidh sa todhchaí.
GApraghsáil bain3 ró-íseal
gu praghsála ró-íseal
Finance Issuing of securities below the fair market value.
Airgeadas Eisiúint urrús faoin mhargadhluach cóir.
A home loan with a balance that exceeds the value of the home.
Iasacht ar theach nuair is mó an iarmhéid ná luach an tí.
GAfrithgheallaí fir4
gu frithgheallaí, iol frithgheallaithe
Finance A person (or more often a merchant bank or issuing house) who agrees to underwrite an issue of shares by a company. This means that in return for a commission he (or they) agree to take up a certain proportion of the shares if those shares are not subscribed by the public. The amount they agree to take up is very often related to the minimum subscription stated in the prospectus.
Airgeadas Duine (nó banc marsantachta nó teach imréitigh níos minicí) a thoilíonn eisiúint scaireanna comhlachta a fhrithghealladh. Ciallaíonn sé seo go dtoilíonn sé nó siad comhréir áirithe de na scaireanna a thógáil suas ar coimisiún mura suibscríobhann an pobal na scaireanna sin. Is minic a bhíonn gaol idir an méid a thoilíonn siad a thógáil suas agus an t-íosluach a luaitear ar shuibscríbhinn sa réamheolaire.
GAliúntas fir1 frithgheallta
gu liúntais frithgheallta
Finance Share of total investment banking fees accruing to the underwriting group.
Airgeadas An rann d'iomlán táillí baincéireachta infheistíochta atá ag fabhrú don ghrúpa frithgheallta.
GAsindeacáit bain2 frithgheallta
gu sindeacáite frithgheallta, ai sindeacáití frithgheallta
Finance Banks, in a new bond issue, that agree to pay a minimum price to the borrower even if the bonds cannot be sold on the market at a higher price.
Airgeadas Bainc, in eisiúint bannaí nua, a thoilíonn íosphraghas a íoc leis an iasachtaí fiú murar féidir na bannaí a dhíol ar an margadh ar phraghas níos airde.
pro rata exposure to the undrawn amounts of the credit lines
neamhchosaint pro rata ar mhéideanna neamhtharraingthe na línte creidmheas
ENunilateral transfer s
pl unilateral transfers
GAaistriú fir aontaobhach
ai aistrithe aontaobhacha
Finance Reflection of government and private gifts and grants.
Airgeadas Léiriú ar thabhartais agus deontais phríobháideacha de chuid an rialtais.
unique code to describe a financial product for the purpose of regulatory reporting
teaghrán uathúil carachtar chun táirgí a shainaithint lenar féidir nasc gréasáin a dhéanamh leis an bpas táirge
Finance Method used to determine a participant's benefits in a defined benefit plan by multiplying years of service by the percentage of salary.
Airgeadas Modh a úsáidtear chun sochar rannpháirtithe i bplean sainithe sochair a chinntiú trí bhlianta seirbhíse a iolrú faoi chéatadán den tuarastal.
GAbanna fir4 neamhurraithe
ai bannaí neamhurraithe
Finance Long term debt of a company which is not covered by any kind of collateral.
Airgeadas Fiachas fadtéarma comhlachta nach bhfuil clúdaithe faoi chomhthaobhacht de chineál ar bith.
GAriosca fir4 neamhchórasach
gu riosca neamhchórasaigh, ai rioscaí neamhchórasacha
Finance Risk which can be eliminated through diversification.
Airgeadas Riosca is féidir a dhíothú trí éagsúlú a dhéanamh.
« » 1 2 · · · · 48 49 50 51 52